Muireann agus an Fharraige Fhiáin
Muireann agus an Fharraige Fhiáin
Muireann agus an Fharraige Fhiáin
Muireann agus an Fharraige Fhiáin
  • Load image into Gallery viewer, Muireann agus an Fharraige Fhiáin
  • Load image into Gallery viewer, Muireann agus an Fharraige Fhiáin
  • Load image into Gallery viewer, Muireann agus an Fharraige Fhiáin
  • Load image into Gallery viewer, Muireann agus an Fharraige Fhiáin

Muireann agus an Fharraige Fhiáin

Vendor
Malachy Doyle and Andrew Whitson
Regular price
£7.99
Sale price
£7.99
Regular price
Sold out
Unit price
per 

Tax included.

For UK deliveries shipping is calculated at checkout. For International deliveries check shipping options here. We currently offer international delivery to the following territories: Europe, United States, Canada, Australia and New Zealand.

Age 5-7 | Paperback | 32 pages | 250 x 250mm  |  Publication June 2018
Paperback: ISBN 9780993474583
Hardback: ISBN 9780993474590

Nuair a mhúsclaíonn Muireann maidin amháin, tá an teach folamh. Bhí a hathair amuigh ag iascaireacht ar an fharraige fhiáin is níor fhill sé fós.

Tógann sí na rudaí is luachmhaire dá bhfuil aici síos chun an chuain: loicéad práis agus fiche sliogán fínicín beag istigh ann, griangraf dá hathair agus an bhábóg is ansa léi, Nóra. Tá sí chun iad a ofráil don fharraige chun a hathair a fháil ar ais slán sábháilte.

Ach an dtabharfaidh an fharraige fhiáin a hathair agus na haithreacha eile ar ais arís ón turas iascaireachta?

Scéal draíochtach faoi chreideamh, íobairt agus dóchas le húdar ardaitheanta agus le maisitheoir ardiomrá.

Leabhair sa tsraith:

  • Muireann agus an Fharraige Fhiáin
  • Muireann agus an Míol Mór
  • Muireann agus an Dianghlasáil
  • Muireann agus an Teach Solais

Tá i bhfad níos mó ná 100 leabhar foilsithe ag Malachy Doyle, ó phreableabhair do naíonáin go húrscéalta réalaíocha do dhéagóirí. Is iomaí duais liteartha atá bainte aige thar na blianta agus tá a chuid saothar ar fáil i gcorradh le tríocha teanga éagsúil.

Chomh maith leis an chéad dá leabhar i sraith ‘Muireann’, Muireann agus an Fharraige Fhiáin agus Muireann agus an Míol Mór, ar na leabhair eile is déanaí leis tá The Miracle of Hanukkah, Rama and Sita, Jack and the Jungle agus Big Bad Biteasaurus (Bloomsbury), Fug and the Thumps (Firefly Press), Cinderfella (Walker Books) agus Ootch Cootch (Graffeg), atá masithe ag a iníon, Hannah Doyle.

Béal Feirsteach ó dhúchas é Andrew Whitson, ealaíontóir a bhfuil duaiseanna bainte aige agus arb é an tUasal Ando an t-ainm is rogha leis. Faoina ainm féin, tá breis agus 20 leabhar maisithe ag an Uasal Ando. Ar na cinn is déanaí, tá sraith ‘Muireann’, i gcomhar le Malachy Doyle, agus sraith mhóriomrá ‘Rita’, i gcomhar le Máire Zepf.